Comhairleoir Seirbhíse do Chustaiméirí a labhraíonn Gaeilge/Irish Speaking Customer Service Advisors
Cur Síos ar an bPost
An bhfuil tú iarraidh tús a chur le do ghairm i Seirbhís do Chustaiméirí nó í a fheabhsú? Tá Líonraí BSL ag lorg roinnt Comhairleoirí Seirbhíse do Chustaiméirí le bheith ag obair inár nIonad Cúraim do Chustaiméirí in Wilton, Co. Chorcaí.
Tacaíonn ár gComhairleoirí Seirbhíse do Chustaiméirí le custaiméirí leictreachais ar fud na hÉireann, ag déileáil le réimse leathan ceisteanna ó chustaiméirí agus á réiteach. Oibríonn an Comhairleoir Seirbhíse do Chustaiméirí mar chuid d’fhoireann ardoilte atá creidiúnaithe ag CCA go seachtrach a chuireann seirbhís den chéad scoth ar fáil do chustaiméirí ar fud na gcainéal éagsúil do chustaiméirí.
Gheobhaidh na hiarrthóirí a éireoidh leo ionduchtú cuimsitheach nuair a thosóidh siad ar an bhfoireann, lena n-áirítear oiliúint seomra ranga, oiliúint ar an láthair oibre agus meantóireacht.
Tá conarthaí lánaimseartha (36.25 uair sa tseachtain) agus páirtaimseartha (25 uair sa tseachtain) ar fáil le dátaí tosaithe i R1 2025.
Sealanna Oibre
Beidh Comhairleoirí Seirbhíse do Chustaiméirí lánaimseartha agus páirtaimseartha araon ag obair ar sceideal 5 lá in aghaidh na seachtaine.
- Lánaimseartha: 36.25 uair sa tseachtain, 7.25 uair sa lá (x5), idir 7:45am-8pm Luan-Satharn
- Páirtaimseartha: 25 uair sa tseachtain, 5 uair sa lá (x5), idir 7:45am-8pm Luan-Satharn
Cuirtear sealanna/uainchláir ar fáil 1 mhí amháin roimh ré, inar féidir sealanna a mhalartú nuair is indéanta.
Príomhfhreagrachtaí
- Ceisteanna seachtracha agus inmheánacha ó chustaiméirí a fhreagairt go pras agus go múinte
- Riachtanais na gcustaiméirí a mheas agus a thuiscint trí bheith ag éisteacht leo
- Na céimeanna ar fad is gá a chur i gcrích chun riachtanais na gcustaiméirí a shásamh go héifeachtach agus go cruinn, agus é sin a chur in iúl don chustaiméir trína gceist a réiteach ar an gcéadteagmháil nuair is féidir
- Gach tasc a chur i gcrích ar bhealach gairmiúil, ag tabhairt tosaíocht do riachtanais na gcustaiméirí agus a gcuid rúndachta a chosaint
- Sláine chórais TF Líonraí BSL a chothabháil, trí gach uasdátú cuí a chur i gcrích go pras agus go cruinn
- Ról an ionadaí do Líonraí BSL a chomhlíonadh i gcomhair gach custaiméir a ndéantar teagmháil leo
Áirítear ar na cineálacha ceisteanna a mbíonn ar an gComhairleoir déileáil leo:
- Glaonna Éigeandála/Caillteanais Soláthair
- Iarratais ar Sholáthar Nua
- Próiseáil Léimh Méadair
- Ceisteanna a bhaineann le Soláthróirí
- Cláir oibre a sceidealú agus a bhainistiú
- Tacú le soláthróirí leictreachais
- Iarratais ar cheangail nua a phróiseáil
- Méadrú Íoc Mar a Úsáidtear
Taithí agus Cáilíochtaí
- Gaeilge líofa
- Tá an Ardteistiméireacht riachtanach
- Taithí ar bheith ag obair i dtimpeallacht atá dírithe ar an gcustaiméir, le dea-theist ar sheirbhís den scoth a chur ar fáil do chustaiméirí ar fud na gcainéal éagsúil más féidir
- Ardscileanna caidrimh/cumarsáide ar an teileafón
- Scileanna maithe TF/uimhríochta lena n-áirítear a bheith ábalta Outlook a úsáid
- Cruinn agus pointeáilte
- Duine treallúsach a bhfuil scileanna réitigh fadhbanna aige
- Ábalta oibriú i dtimpeallacht ina mbíonn fuadar faoi dhaoine, agus ábalta córais agus nósanna imeachta nua a fhoghlaim agus a chur i bhfeidhm
Áit
Wilton, Co. Chorcaí, Éire
San ionduchtú, beidh ar an gComhairleoir Seirbhíse do Chustaiméirí oibriú ar an láthair go hiomlán don chéad 6 mhí, i gcomhar le nós imeachta foghlama agus forbartha an Ionaid Cúraim do Chustaiméirí.
Ina dhiaidh sin, is féidir leis an iarrthóir a éireoidh leis, i ndiaidh an tréimhse promhaidh a thabhairt chun críche go rathúil, oibriú ó chian (laistigh de Phoblacht na hÉireann) ar bhonn oibre cumaisc. Ceadaítear meascán freastail ar an ionad oibre le samhail oibre cumaisc an Ionaid Cúraim do Chustaiméirí, leis an rogha oibriú ó chian (ar bhonn 50/50). Tá gach socrúchán oibre cumaisc faoi réir athbhreithniú agus athrú leanúnach, bunaithe ar riachtanais oibríochtúla an róil agus feidhmíocht shásúil.
Tabhair ar aird: Beidh ar oibrithe páirtaimseartha a bheith i láthair ar bhonn lánaimseartha do thréimhse oiliúna 5 seachtaine ar dtús.
Cén Fáth ar Cheart Oibriú Linn?
- Deis chun aistriú chuig todhchaí atá neodrach ó thaobh fuinnimh de in Éirinn a threorú
- Forbairt gairme trí mheantóireacht agus trí oiliúint
- Deiseanna Corparáideacha le haghaidh Freagracht Shóisialta
- Clubanna Spóirt agus Sóisialta
- Deiseanna líonraithe
- Comhar Creidmheasa
- Pinsean Flaithiúil
- Rochtain ar chláir folláine foirne
- Teidlíochtaí saoire tuismitheora flaithiúla
- Cultúr láidir ionchuimsitheach atá bunaithe ar luachanna
- Tiomantas láidir d’éagsúlacht, do chothromas agus d’ionchuimsiú
- Timpeallacht foirne iontach ag obair lenár gCroíluachanna: Misneach, Comhbhách, Tiomanta agus Iontaofa
Tuarastal
€33,590 go €40,204 sa bhliain
(Bunaithe ar uaireanta lánaimseartha; tairgtear tuarastail pháirtaimseartha ar bhonn pro rata)
Dáta Deiridh
9 Nollaig 2025
Coinneofar d’iarratas i dtaisce ar feadh 6 mhí má tá tú oiriúnach don ról.
Position Description
Are you looking to begin or further your career in Customer Service? ESB Networks is looking for a number of Customer Service Advisors to join our Customer Care Centre based in Wilton, Co. Cork.
Our Customer Service Advisors support electricity customers across Ireland, dealing with and resolving a broad range of customer queries, The Customer Service Advisor works as part of highly skilled, externally CCA accredited team that delivers first class customer service across various customer channels.
Successful candidates will receive a comprehensive onboarding experience when they join the team, including classroom training, on-the-job learning and mentoring.
Both full-time (36.25 hours per week) and part-time (25 hours per week) contracts are available with start dates in Quarter 1, 2026.
Shift Patterns
Both full-time part-time Customer Service Advisors are scheduled to work 5 days per week.
- Full-time: 36.25 hours per week, 7.25 hours per day (x5), between 7:45am-8pm Monday-Saturday
- Part-time: 25 hours per week, 5 hours per day (x5), between 7:45am-8pm Monday-Saturday
Shifts/rotas are provided 1 month in advance, with the facility to swap shifts where feasible.
Key Responsibilities
- Handling external and internal customer queries promptly and politely
- Listening to customers to anticipate and understand their needs
- Taking all necessary steps to satisfy customers’ needs efficiently and accurately and communicating this to the customer through first contact resolution where possible
- Completing all tasks in a professional manner, prioritising customers’ needs and safeguarding their confidentiality
- Maintaining the integrity of ESB Networks IT systems, by completing all appropriate updates promptly and accurately
- Fulfilling the role of the representative of ESB Networks to all the customers she/he engages with
The types of queries handled by the Advisor include:
- Emergency/Loss of supply calls
- Requests for a New Supply
- Meter Reading processing
- Supplier related queries
- Scheduling and managing work programmes
- Supporting electricity suppliers
- Processing applications for new connections
- Pay As You Go Metering
Experience and Qualifications
- Fluency in the Irish language
- Leaving Certificate is essential
- Experience of working in a customer-focused environment, preferably with a track record of providing excellent customer service across various channels
- Excellent Telephone interaction/communication skills
- Good IT/numeric skills including use of Outlook
- Accuracy and attention to detail
- Initiative and problem-solving skills
- Ability to work in a fast-paced environment, with an ability to learn and apply new systems and procedures
Location
Wilton, Co. Cork, Ireland
Our onboarding requires the Customer Service Advisor to work fully on-site for the first 6 months, in line with the Customer Care Centre’s learning & development procedure.
Following this, the successful candidate, upon successful completion of probation, may work remotely (within the Republic of Ireland) on a hybrid working basis. The Customer Care Centre’s hybrid working model allows a mix of attendance in the workplace, with the option to work remotely (on a 50/50 basis). All hybrid working arrangements are subject to ongoing review and change, based on the operational requirements of the role and satisfactory performance.
Note: Part-time staff will be required to attend on a full-time basis for an initial 5-week training period.
Why Work with Us?
- Opportunity to lead Ireland’s transition to net zero carbon future
- Career development through mentoring and training
- Corporate Social Responsibility Opportunities
- Sports and Social Clubs
- Networking opportunities
- Credit Union
- Generous Pension
- Access to staff well-being programmes
- Generous parental leave entitlements
- Strong values-based and inclusive culture
- Strong commitment to diversity, equity and inclusion
- Great team environment working to our Core Values: Courageous, Caring, Driven and Trusted
Salary
€33,590 to €40,204 per annum
(Based on full-time hours; part-time salaries offered on a pro-rata basis)
Closing date
9th December 2025